Déan Teagmháil Linn

leathchathail@gmail.com

Naíscoil Dhún Pádraig

Tá pobal na Gaeilge ag fás i gceantar Leath Chathail agus is léiriú iontach iad daltaí Naíscoil Dhún Pádraig ar an fhás sin.

Ár Naíscoil

Tabhair bronntanas an dátheangachais!

Tá Naíscoil Dhún Pádraig ag soláthar oideachais réamhscolaíochta i nDún Pádraig agus sa cheantar maguaird ó bhí 1994 ann.

Le 32 áit, bíonn an Naíscoil ag brath ar bheartaíocht an choiste bainistíochta agus ar na tuismitheoirí le maoiniú a fháil a dhíolfaidh as tuarastail na foirne, treallamh, eagar agus costais reatha.

Tá an Naíscoil á bainistiú ag bord gníomhach gobharnóirí agus taithí leathan acu i gcúrsaí oideachais (réamhscoile san áireamh), bainistiú scoile, forbairt phobail, na meáin, tuismitheoireacht, líonrú agus pleanáil. Ar an fhoireann tá ceannaire agus triúr chúntóir.

Tá an curaclam bunaithe ar fhoghlaim trí súgradh. Forbraítear scileanna teanga trí scéalta agus amhráin. Cuirtear scileanna saoil, scileanna idir-phearsanta, feasacht sláinte agus folláine chun cinn.

Tugann an tionscadal deis do thuismitheoirí triail a bhaint as oideachas trí mheán na Gaeilge sula gcuireann siad a gcuid páistí ar aghaidh chuig bhunscoil.

Tá Naíscoil Dhún Pádraig lonnaithe i gCultúrlann Leath Chathail, Sráid na nAlbanach, Dún Pádraig BT30 6SZ.

Cláraigh le Naíscoil Dhún Pádraig.

Cláraigh do pháiste le Naíscoil Dhún Pádraig, líon isteach do chuid mionsonraí thíos agus beidh muid i dteagmháil leat.

    Leathchathail.ie

    leathchathail@gmail.com